Réamhrá Cuid 9
Déanann an chuid seo den leabhar cur síos ar dhaoine óga, fáithe, agus ríthe a raibh creideamh láidir acu in Iehova. Chreid cailín beag Iosraeilíteach, a bhí san Arám (ar a dtugtar an tSiria inniu), go raibh fáidh Iehova in ann Námán a leigheas. Bhí muinín ag an bhfáidh Eilíseá go raibh Iehova in ann é a chosaint ar arm a namhad. Chuir an tArdsagart Iahóideá a bheatha i mbaol chun an leanbh, Ióáis, a chosaint ar a sheanmháthair, Atailiá, a bhí ag iarraidh é a mharú. Bhí an Rí Hiziciá muiníneach go raibh Iehova in ann Iarúsailéim a thabhairt slán, agus níor ghéill sé do bhagairt na hAsaíre. Chuir Rí Ióisíá deireadh le híoladhradh sa tír, d’athchóirigh sé an teampall, agus chuir sé fíoradhradh i réim arís.